School: Cill Éinne (roll number 12340)

Location:
Cill Éinne, Co. Galway
Teacher:
Sr. P. Ó Domhnalláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 076

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 076

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Éinne
  2. XML Page 076
  3. XML “Scéal an Dá Mhac Déag”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó. Bhí dhá mhac déag aige. Rinne sé dhá chónra déaga dhoib. Tháinig an mac b'óige go dtí a mháthair agus d'fhiafhruigh sé dhi céard a bhí uirthi agus thug sí siar an mac b'óige sa seomra agus spáin sí na conraí dhó. Dubhairt an mac leis an mháthair gan aon bhrón a bheith uirthi acht go n-imtheochadh sé amach i gcoill. Annsin dubhairt a mháthair leis a mbeadh cailín beag aici go mbeadh bratach dearg crochta aici. Agus a mbeadh buachaill beag aici go mbeadh bratach dubh crochta aici. D'imthigh an mac nó gur tháinig sé go dtí bóthán beag. Nuair a d'fhás an cailín beag suas coinnic sí an mháthair ag caoineadh, d'fhiafhruigh an cailín dhá máthair céard a bhí uirthi. Nior labhair sí. Annsin thug an mháthair an cailín beag siar ins an seomra. Bhreathnuigh an cailín ar na conraí. Dubhairt an mháthair gur leis na dearbhráithreacaibh iad. Bhí léinteaca beaga san seomra, agus thug an cailín leithe iad. Annsin d'imthigh sí nó go dtáinig sí isteach i dteach beag. Nuair a connaic an dearbhráthair an cailín ag teacht bhí áthas ar. Dubhairt an dearbhrathair leithe a dhul isteach faoi bhosca. Tháinig a chuid dearbhráithreacha. Chuaidh an dearbhráthair seo a bhí sa teach anonn go dtí an bosca. Thóig
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0451: The Maiden Who Seeks her Brothers
    Language
    Irish