School: Cill Éinne (roll number 12340)
- Location:
- Cill Éinne, Co. Galway
- Teacher: Sr. P. Ó Domhnalláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Éinne
- XML Page 077
- XML “Scéal an Dá Mhac Déag”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé é, tháinig an cailín beag amach. Nuair a chonnaic na dearbhráithreachaibh an cailín bhí athás urtha uilig. Nuair a bhiodh na dearbhráithreachaibh amuigh ag obair réiteochadh sí an dinnéar dhoibh.
Nuair a thagadh siad isteach bhiodh ocras urtha. Dubhairt an cailín beag go réiteochadh sí dinnéar maith dhoibh. Annsin bhí gairdín in-aice na tighthe. Chuaidh an cailín beag amach ann. Bhain sí bláthanna. Tháinig sí isteach leag sí ar an mbord iad. Thug sí ceann do gach duine aca. Ní túisge a bhí an bláth deireannach tughtha aici dhoibh na bhí dhá éan déag deanta aici dhoibh. Annsin ní raibh fhios aici ceard a deanfadh sí, agus tosuigh sí ag caoineadh. Chonnaic sí bean, d'fiafruigh sí de'n bhean ceard a dheanfadh sí. Dubhairt an bhean lé gan labhairt na gáiridh ar feadh seacht mbliadhna, agus nuair a bheadh sé sin deanta aici go mbeadh siad i n-a ndaoine arist.
D'imthigh an cailín annsin nó gur tháinig sí go dtí cránn mór árd. Chuaidh sí suas an cránn, agus d'fan sí annsin in-áit nach mbheadh amharc aici ar éinne. Nuair a bhí sí tuairim's cuig bhliadhana annsin bhí mac Riog ag siubhal lá agus chonnaic sé an cailín. Thuit sé i ngrádh lé agus thug sé abhaile i. Bhí iongtas mór ar gach duine faoi(continues on next page)