Bhí fear ann fadó. Bhí dhá mhac déag aige. Rinne sé dhá chónra déaga dhoib. Tháinig an mac b'óige go dtí a mháthair agus d'fhiafhruigh sé dhi céard a bhí uirthi agus thug sí siar an mac b'óige sa seomra agus spáin sí na conraí dhó. Dubhairt an mac leis an mháthair gan aon bhrón a bheith uirthi acht go n-imtheochadh sé amach i gcoill. Annsin dubhairt a mháthair leis a mbeadh cailín beag aici go mbeadh bratach dearg crochta aici. Agus a mbeadh buachaill beag aici go mbeadh bratach dubh crochta aici. D'imthigh an mac nó gur tháinig sé go dtí bóthán beag. Nuair a d'fhás an cailín beag suas coinnic sí an mháthair ag caoineadh, d'fhiafhruigh an cailín dhá máthair céard a bhí uirthi. Nior labhair sí. Annsin thug an mháthair an cailín beag siar ins an seomra. Bhreathnuigh an cailín ar na conraí. Dubhairt an mháthair gur leis na dearbhráithreacaibh iad. Bhí léinteaca beaga san seomra, agus thug an cailín leithe iad. Annsin d'imthigh sí nó go dtáinig sí isteach i dteach beag. Nuair a connaic an dearbhráthair an cailín ag teacht bhí áthas ar. Dubhairt an dearbhrathair leithe a dhul isteach faoi bhosca. Tháinig a chuid dearbhráithreacha. Chuaidh an dearbhráthair seo a bhí sa teach anonn go dtí an bosca. ThóigPól Ó Braoin