Scoil: Béal an Átha Buí (Clochar) (uimhir rolla 15872)

Suíomh:
Béal Átha na Bá, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An tSr Tr. Ní Orcáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0005, Leathanach 116

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0005, Leathanach 116

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal an Átha Buí (Clochar)
  2. XML Leathanach 116
  3. XML “Croca Óir”
  4. XML “Scéal Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Thugadar tae agus arán agus im do'n fhear. Nuair a bhí an fear ag teacht abhaile ní leigfeadh siad abhaile é. Bhí eagla ar an bhfear. Tar éis cúpla seachtmhaine chuaid an fear abhaile. Ní raibh aithne ag na daoine sa mbaile ar an bhfear. Tar éis cúpla seachtmhaine thuit an fear tinn agus fuair sé bas.
    Seán Ó Congaile (80) a d'innis an sgéal seo dom.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Sgéal grinn
    Bhí fear in a chomhnuidhe san gceanntar seo darbh ' ainm Séamus Ó Mainín agus níor thaithnigh bagún leis. Nuair bhí sé in a shean-fhear mharbhuigh a mhach muc acht níorbh mhaith leis é. Bhí clann an tighe ag an margadh lá. Fuair Séamus Ó Mainín píce agus chaith sé an bagún amach san abhainn. Nuair a tháinig a daoine abhaile bhí ruaille buaille san teach. Bhí ar mo dhuine dul amach agus an bagún a thabhairt isteach do'n teach arís.
    M'athair a d'innis an sgéal seo dom. Micheál Ó Conroigh.
    Stiophán Ó Conroigh, Cuan na mbád, Iorrus Flainnín, An Clochán
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. táirgí
      1. táirgí bia (~3,601)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Stiophán Ó Conroigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Iorras Fhlannáin, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Conroigh
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Iorras Fhlannáin, Co. na Gaillimhe