Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán

Suíomh:
An Clochán, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An tSr. M. Peadar
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0004, Leathanach 513

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0004, Leathanach 513

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán
  2. XML Leathanach 513
  3. XML “Gráinne Ní Mháille”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Mar sin chuaidh sí go Londomhn agus chaith sí a gúna Gaedhalach. Chuaidh sí isteach i gcúirt Eilíse. Bhíodar ar tí masla agus gáire a dhéanamh fúithi ach bhí Gráinne sáthach cliste dóibh. Bhí Eilís an-cáirdeamhail leithí agus ag fágáil na cúirte di, bhain sí geall as Eilís go ndéanfadh sí Iarla dá mac. Uaidh sin shíolraigh na h-Iarlaí Mhaigh Eo.Do chas sí abhaile agus thainig sí i dtír ag mBaile Átha Cliath. An fad is a bhí sí annsin chuaidh sí go Caisleán Beann Éadar. Ní raibh fhios ag muintir an chaisleáin go raibh Gráinne ag teacht agus mar sin bhí na geataí dúnta go daingean. Bhí fleadh is féasta ar siúl istigh agus chuir sin fearg mór ar Ghráinne nuair nach rabhadar ag cleachtadh nós muintire na h-Éireann sé sin: cead a bheith ag gach stráinséar dul isteach chuig féasta. Dubhairt sí leithí féin go mbainfeadh sí sásamh amach agus anonn leithí go dtí teachín beag ina raibh oighre an chaisleáin dhá oileamhaint. Do sgiob sí leithí féin é go dtí a caisleán ar bhruach loch ...sean. Do choinnigh sí annsin é go dtí gur chuir sí iachall ar thighearna Binn Éadiar roinnt mhaith airgid a íoc dí, agus go dtí gur gheall sí nach mbrisfeadh sí nós na nGaedhal arís. Tá a lán sgéalta eile le fágháil faoi Ghráinne ach níl fhios againn an fíor nó bréag iad. Seachas na tréithre eile a bhain lei deirter go raibh sí an- naomhtha agus go raibh meas agus urraim mhór aici don chreideamh agus ar gach a bhain leis. Tá sé ráidhte freisin gur thóg sí mainistear ar oileán an Cláir agus síltear gur annsin a cuireadh í. Bliadhnta in dhiaidh a báis thugadh a h-ainm Granuaile ar Éirinn agus beidh cuimhne cruinn go h-éag ag fearaibh agus mnáibh na h-Éireann uirthí.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
        1. Gráinne Mhaol Ní Mháille (~10)
    Teanga
    Gaeilge