Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán

Suíomh:
An Clochán, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An tSr. M. Peadar
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0004, Leathanach 439

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0004, Leathanach 439

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán
  2. XML Leathanach 439
  3. XML “Amadán Mháire Rua”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Amadán Mháire Ruadh
    Bhi baintreabhach ann fadó is bhí aon mac ámháin aici darb ainm Mánus. Bhí Mánus 'na amadán is ní raibh sé in-ann tada a dhéanamh ceart. Buaileadh tinn a mháthair is ní raibh pingin airgid sa teach aici. Bhí bréidín le díol aici ach ní raibh aoinne aici gabhfadh ag an margadh leis. Sa deire dubhairt sí le Mánus dul leis an mbréidín is é dhíol. Chuaidh Mánus ar an margadh is chuaidh fear dá cheannacht uaidh is nuair a laimhsigh an fear é dubhairt sé to raibh an bréidín fliuch is é sgaradh ar an gclaidhe abhí taobh amuigh de'n aonach le tiormughadh. Rinne an t-amadán mar dubhradh leis is nuair abhí an bréidín sgartha aige chuaidh se ar ais ar an aonach. An fhaid is bhí an t-amadán imtighthe ghoid duine éicint an bréidín. Nuair a táinig an t-amadán ar ais is fuair sé an bréidín imtighthe thosuigh sé ag glaodhach is ag béiceadh. Is gearr gu dubhairt fear leis gurab iad na sidheóga a thug leo é isteach sa lios. Chuaidh an t-amadán go dtí an leachta is thosuigh sé ag iartadh is is gearr gur fuair sé buatais óir; annsin chuaidh sé abhaile sásta go leór. Bhí ceannaidhe san áit is cuile pingin bíodh sparálta aige cuireadh sé i dtaisge sa leachta seo é. Bhí droch-cuma ar an gceannaidhe nuair fuair sé an t-ór imtighthe. Fuair sé fios gur ag Mánus abhí an t-airgead is d'iarr sé lóistín ar Mánus (abhí an) oidhche amháin le súil is go bhfuigheadh sé an t-ór. Nuair abhí sé sgata san oidhche fuair Mánus láidhe is bhuail sé an ceannaidhe is marbhuigh sé é. Annsin cuir sé féin is a máthair i bpoll
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1600: The Fool as Murderer
    Teanga
    Gaeilge