Scoil: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
- Suíomh:
- Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Treasa Ní Bhriain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus bhí triúir mac aige. Bhí beirt de na mic seo ag obair sa mbaile ag tabhairt congnamh dá n-athar. Ní raibh an tríomhadh mac ag déanamh tada sa mbaile. Sé an t-ainm a bhí air ná Tomás. Ní raibh an beirt eile sásta é bheith ag imtheacht mar sin agus iad féin ag obair. Bhí go maith is ní raibh go holc. Bhí an t-athair ag éirighe sean agus dubhairt sé go ndéanfadh sé a uacta. Ní raibh (aige) ag an athair acht naoí gcéad punt. Sé an roinnt a rinne sé ná trí chéad punt a thabhairt don mac is sine, trí céad don dara mac agus trí chéad do Thomás. Tháinig fearg agus buille ar an mbeirt eile mar gheall ar sin. Dubhairt an mac ba sine go raibh sé féin ag obair ar feadh a shaoghail agus nach raibh seisean acht ag imtheacht agól gach pinginn a gheobhfadh sé agus go n-ólfadh sé an t-airgead sin chómh maith. Dubhairt an t-athar gur fuide a dhéanfeadh na trí céad iád féin ná Tomás bocht. Ar maidin amárach nuair a bhí an bricfeásta ithte aige d'imthigh leis isteach go h-Innis. Bhí sé ag ól agus ag imirt go trathnóna Dé Satharn agus bhí na trí chéad púnt caitte aige. Bhí sé ag teacht abhaile amach tríd Co. an Chláir go deirneach san oidhche. Ní raibh sé i bhfad go bhfaca sé solus. Bhí sé ag déanamh ar an solas agus bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Nóra Ní Cadhain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Conghailligh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe