Scoil: An Clochar i gCárna
- Suíomh:
- Carna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar i gCárna
- XML Leathanach 354
- XML “Seanscéal”
- XML “Tobar Beannaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Tá tobar beannuighthe i Ruisín - na- manach, a dtugtar 'Tobar Mhuire' air. Deirtear go raibh teach in aice leis fadó, agus go raibh go leor gasúr ann. Bualadh tinn na gasúir le droch ghalar, agus ceapadh nach raibh leigheas le n-aghaidh.
Lá amháin bhí an mháthair amuigh sa ngarrdha ag gol go géar, mar cheap sí gur fearr go mbeadh a clann san uaigh. D'fhéach sí thart, agus chonnaic sí bean uasal áluinn ingar dí. D'fhiafruigh an bhean uasal dhi, tuige a riabh sí ag caoineadh agus d'fhreagair sí go raibh a gasúir ag fághail bháis. 'Ó ná bac le bheith ag gol' a deir an bhean eile, ach éirigh go moch maidin amáireach agus gabh amach chuig an tobar seo inaice leat. Beir leat canna, agus tóg isteach lán canna de'n bhainne a bhéas san dtobar romhat. Óladh na gasúir é. Annsin dimthigh an stróinséar.
Maidin lae ar an bhárach rinne an mháthair mar dúbhradh léithe agus chomh luath is bhí an bainne ólta(leanann ar an chéad leathanach eile)