Scoil: Árd Mhór
- Suíomh:
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Gleasáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Mhór
- XML Leathanach 149
- XML “Seanfhocail”
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)4. Is goir cabhair Dé ná an doras.
5. Is feárr an t-ádh ná eirigh go moch.
Tá sgéal ag bhaint leis an sean-focal. Bhí fear agus bean ann uair amháin. Bhí an fear i na shuidhe chuile maidin an mhoch agus ní bheadh an bhean i na suidhe aon lá go dtí a do dhéag no an h-aon a chlog gach lá. An mhaidin seo chuaidh an bhean síos ar an tráigh tuairim's a dó dhéag. Thosuigh sí ag cartúghadh ins an tráigh agus fuair sí pota óir ann. Dubhairt sí lé na fear nuair a chuaidh sí abhaile. Is feárr an t-ádh ná eirigh go moch.
6. Is iomadh Rí breágh a cháill a Ríoghacht is mhair beó i na dhiaidh.
7. Is olc an mada nach fiú fead a leigeann air.
8. Is fiúntuigh poll ná piosa.
9. Dá goireacht don cnám is deise an fheóil. - 1. Trí buaidh an olacháin maidin bhrónach cóta salach agus pócaí folamh.
2.Trí buaidh na sona. Fal Fair agus moch eirigh
3. Is maith í an fhoigid acht is dona i an fhaillighe
4. An té a bhíonns i bfad amuigh fuaruigheann a chuid.
5. Ní cháill fear an misnigh ariamh é.
6. Níor dhóigh sean-chat é fhéin ariamh.
7. Gach duine ag tocras ar a ceirtlín fhéin
8. Lá an éigin sead féachtar an caraidh is feárr
9. An té nach smachtóchaidh Dia ní smachtóchaidh duine.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sighle Ní Mhaoláin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe