Scoil: Árd Mhór
- Suíomh:
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Gleasáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Mhór
- XML Leathanach 076
- XML “Scéalta Greannmhara”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- X
Bhí fear agus bean ann fadó. Domhnall agus Donnóg an t-ainm a bhi ortha. bhí na daoine seo ann bocht agus ní raibh móran le n-ithe aca. Bhí Domhnall 'na ghréasaidhe. Bhí sé ag cuir caoi ar bhróga lá amháin. Ní raibh aon bhlas le n-ithe aca ar a n-deinnéir. Chuaidh se féin amach i dteach comharsan agus thug an bhean péire bróg dó le caoi a chuir ortha. D'iarr Domhnall cupla sginning orra le h-aighidh mala mhin bhuidhe a cheannacht san siopa. Mar ní raibh plúr ar bith ann an t-am sin. cheannuigh sé mala mine agus thug sé abhaile é agus dubhairt le Donnóg é a bhruith. Sé an rud a rinne Donnóg ná an min bhuidhe a thabhairt amach ar an t-sraid agus é a dhoirteadh amach ar bhraith ionnus go mbéadh fios aice cé mhéad a chuirfeadh sé ar an bpota. Tháinic stoirm mór agus d'imthigh an mine leis an ngaoth. Nuair a tháinic Domhnall ní raibh aon bhlas le n-ithe aige agus dubhairt sé go n-imtheochadh sé as an teach ar fad. Dubhairt Donnóg go raibh sean bhó amuigh san garraidhe agus é a mharbhadh. Mharbhuigh sé an bó agus thug sé isteach í.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ni Chuálaín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Peigí Ní Chuáláin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe