Scoil: Árd Mhór
- Suíomh:
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Gleasáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Mhór
- XML Leathanach 061
- XML “Scéalta Greannmhara”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean ann fadó agus ní raibh aicí ach aon mhac amháin. Ba amadán a bhí ins an mac seo. Do bhíodar an bhocht agus lá amháin dubhairt a mháthair leis an t-amadán a dhul go dtí an margadh lé píosa bréidín agus gan a tígheacht abhaile gan airgead. Dimthigh an mac leis nó go dtáinic sé go dtí am margadh. Tháinic duine go dtí é bhreathnuigh sé ar an mbréidín. Dimthigh sé sin agus ba ghearr go dtáinic fear eile go dtí é bhreathnuigh sé ar an mbréidín. Dimthigh sé sin agus tháinic fear eile chuighe. Bhreathnuigh sé ar an mbréidín agus dubhairt sé leis nach raibh sé sathach tirm. Dimthigh an t=amadán leis go dtáinic sé go dtí áit uaigneach agus sgar sé an bréidín ar clochar ann. Dimthigh sé leis annsin go dtí an margadh. Nuair a tháinic sé ag breathnughadh ar an mbréidín ní raibh sé ann. Do bhí sé an bhrónach anois mar chuimhnigh sé ar an rud a dubhairt a mháthair leis gan a thigheacht abhaile gan airgead. Be ghearr go dtáinic fear thart agus dfhiofhruigh sé do céard a bhí sé ag tóruigheacht dinnis sé a scéala don fhear. Dubhairt an fear leis go raibh taibhsibh le feiceál sa(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bríghid Ní Ceanndubháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádraic Ó Cheanndhubháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe