Scoil: Árd Mhór

Suíomh:
An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádhraic Ó Gleasáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 015

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 015

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Árd Mhór
  2. XML Leathanach 015
  3. XML “Scéalta faoi Chistí Óir i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí sé annsin agus bhí daoine ag dul tharth agus ag breathnúghadh ar an bhréidín agus ag imteacht uaidh arist. Sa deire tháinig fear go dtí é agus do breathnuig sé ar an bhréidín agus dubhairt sé leis nach ndíoladh sé an bréidín go deo nach raibh sé sáthach tirm aige. Ní raibh fhíos aige chén fáth a raibh na daoine ag teacht agus ag imtheacht ónbhréidín agus do créid sé an rudh a dubhairt an fear leis nach raibh sé sáthach tirm aige. Annsin, do chuimhnigh sé ar cleas dul agus an bréidín do thriomhadh. Annsin d'imthigh leis ón margadh agus tháinig sé go dtí páirc mhór áit án uaigneach a bhí ann agus ní féadfhad aon duine é a fheicheal. Do bhí clochar mór i lár na páirce agus do sgár sé an bréidín ar an gclochar. D'fhág sé annsin é agus dimthigh leis go dtí an margadh arist. Bhí sé tamall ar an marghadh nuair a chuimhnigh sé ar an bhréidín. D'imhthigh sé annsin chomh tapaidh is bhí sé i nán go dtí an áit ar sgár sé an bréidín. Agus ní raibh sé le fághail in aon áit. Bhí sé annsin in a sheasamh agus ní raibh fhíos aige céard a dhéanfhad sé. Ní raibh an bréidín ná an t-airgeadh ag teacht abhaile aige anois. Do chuimhnigh sé ar an rudh a dubhairt a mháthair leis nuair a d'fhág sé an teach an bréidín do dhíol agus gan a theacht abhaile gan airgead agus dubhairt sé leis fhéin go gcaithfheadh sé an bréidín a d'fághailt. Sa deire chonnaich sé fear ag teacht chuighe agus d'fiafruigh sé de cád tuighe go raibh sé chomh bronach nó céard a bhí air. Dinnis sé a sgéal dhó. Dubhairt an fear gurbh chuala sé fhéin fadó go raibh an áit sin án contabhairteach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Mhaoilchiaráin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Caladh Mhaínse, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Feichín Ó Chualáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Caladh Mhaínse, Co. na Gaillimhe