Scoil: Cashel (uimhir rolla 11358)

Suíomh:
An Caiseal, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
P. Ó Lochlainn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 161

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 161

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cashel
  2. XML Leathanach 161
  3. XML “An Drochshaol”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    bpoll amháin. Annsin tháinic an imirce saor agus d'imthigh na daoine bhí in ann mor mhór na daoine óga go Meiriocá. Tar éis tamaill thosuigh na oibhreacha faoiseamh agus fuair na daoine obair ortha. Bhí na mná ag obair ortha chomh mhaith leis na fir. Min-bhuidhe an páighe a gheibhidís agus marar raibh sé sin le faghail sgilling sa ló a gheobhadh na mná agus sgilling is sé pighne na fir. Nuair a dtáínic an blian i ndiaidh an dubhacháin ní raibh aon fhata le cur ag na daoinibh ach cúpla fataí bheaga agus 'sé an chaoi a phioc siad na súile ásta le cleite agus iad a chur ar nós choirce. Níor tháinic an dubhachán chomh dona ariamh ó shoin. Bhí fear 'na chomhnuidhe i n-Iorrus Bheag am an droch-shaoghail agus tháinic galar an dona air, thuit an craiceann de agus ní raibh sé in ann siubhal. Bhí faitchíos ar na daoinibh dul in aice leis, ach bhí bean in a comhnuidhe in aice leis agus bheireadh cána báinne chuige gac lá agus dfhagadh sí ag an doras é agus glaoidheadh sí air agus tarraingeadh sé é féin amach ar a dhá glúin go mbeireadh sé isteach é. Acht i ndiaidh sin féin tháinic biseach air agus mhair sé tríd.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Donnchada
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Cáit Nic Donncadha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Sraith Sháile, Co. na Gaillimhe