Scoil: Cashel (uimhir rolla 11358)

Suíomh:
An Caiseal, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
P. Ó Lochlainn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 141

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 141

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cashel
  2. XML Leathanach 141
  3. XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”
  4. XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Deireann na daoine go bhfuil báisteach air nuair tá an gaoith aniar ndeas, nealtai troma dubha sa speir, madadh ag ithe féir, cat agus a ruball leis an teine, an súath ag tuitim agus ceo ar barr na gcnoc. Tá carraigreacha beaga agus móra taobh ó dheas de Innis Leacan, na Searaigh a glaoidhtear ortha, agus nuair a bhíonn torann ag na cinn móra deireann siad go bhfuil aimsear maith air, agus ag na cinn beaga go bhfuil aimsear briste air.
    Nuair tá stoirm ag teacht, tagann na faoileáin suas ar an talamh. Nuair leanann an ghaoith an grían deireann na daoine go bhfuil an gaoith imthigthe suas go'n talamh, nuair tá dath dearg ar an grían ag dul in a luighe dí, agus drúcht trom ar an talamh 'san oidhche tá aimsear maith air. Nuair a bhíonn sneachta air tagann na beithidhigh abhaile ona cnocaibh ag geimneach. Sul a dtagann an sneachta bíonn an aimsear an fhuar agus an speir dorcha.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Nic Donnchadha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Sraith Sháile, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Miceál Mac Donncada
    Inscne
    Fireann
    Aois
    45
    Seoladh
    Sraith Sháile, Co. na Gaillimhe