Scoil: Cashel (uimhir rolla 11358)

Suíomh:
An Caiseal, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
P. Ó Lochlainn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 174

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 174

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cashel
  2. XML Leathanach 174
  3. XML “Ainmhithe na Feilme”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 'Siad an bhó, an capall, an asal, an caora, an mhuc agus an ghabhar ainmhidhthe an feilm.
    Ainmhidhe an úsáideach 'seadh an bó. Tá sé beathuighthe ar féar, fataí, turnapaí, cabaiste agus beatha as an siopa. Nuair atá bó thár-éis laoigh tugtar deoch mhin-choirce dí agus craithtear gráiní ar an laogh ionnus go lighfidh sí é. Báinne buí atá aici i dtosach acht tár-éis trí lá bíonn sé bán arís.
    Pisreóg atá ag na sean daoine nuair tádar ag díol bó, srangán dearg a cheangal ar a ruball. Blightear bó maidin agus tráthnóna, séaluightear an báinne isteach i cruiscíní agus fágtar annsin go dtiocfaidh an úachtar ar a barr agus cuirtear an úachtar isteach i gcroga go ndéantar máistre as.
    Bíonn go leor báinne ag na bá 'san samhradh acht ní bhíonn sa ngeimhreadh mar ni bhíonn an féar ag fás. An bó nó an laogh atá folláin nuair bhíos sí tamall ag ithe luigheann sí síos ag cangailt a círe. Seo cuid de na ainmneacha a tugtar ar na bá timcheall annseo; Sonás, Sgeadóg, Sméirín, Riabhóg, Druimín, cúbóigin, Cuachín, bean Domhnaill, Peitín, Polly agus Mag-Pie.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. riar ainmhithe (~2,587)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Dhonnchadha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Sraith Sháile, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Micheál Mac Donnchadha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    43
    Seoladh
    Sraith Sháile, Co. na Gaillimhe