Scoil: Cashel (uimhir rolla 11358)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: P. Ó Lochlainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cashel
- XML Leathanach 155
- XML “Laethanta Áirithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí lá áirithe ag na sean-daoinibh le chuile rud a deanamh beagnach. Lá an-áirithe in a measg bheadh Lá Bealtaine. Baineann go laor pisreóg leis. Ní leigtear amach báinne an lá sin. Baintear chaorthann agus cuirtear ar lámaibh na soiteach mbáinne iad. Ní leigtear amac teine an lá sin ach oiread.
Deirtear freisin dá dteighteá ag baint feamuinne ar na trí lá i ndiaidh Nodlaig go mbeadh sé scaipthe ort arís.
Ní maith leis na mnáibh roth a chasadh ar Lá Féil' Shtiopháin.
Is maith le daoinibh siopa a osgailt de'n céad uair ar Dia h-Aoine.
Ní maith leis na sean-daoinibh laighe a chuir sa dtalamh Aoine Céasta. Deirtear go n-athruigheann na sidheóga Lá Samhna agus Lá Bealtaine. Is maith leis na daoinibh an céad sciolláin cur sa dtalamh Dia h-Aoine. Ní leigfidís aon bó chuig an chnoc Lá Bealtaine gan trí "Bail Ó Dhia a chuir uirthi. Duine ar bith a bheadh ag athrughadh ó theach to teach deireadh na sean-daoine "Luan Soir agus Márt Siar".
Níor mhaith leo aon airgead a chur amach Lá Cinn Bliana.- Bailitheoir
- Máire Seóige
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Sraith Sháile, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Sorca Seóige
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Sraith Sháile, Co. na Gaillimhe