Scoil: Cashel (uimhir rolla 11358)

Suíomh:
An Caiseal, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
P. Ó Lochlainn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 186

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 186

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cashel
  2. XML Leathanach 186
  3. XML “An tAonach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An t-Aonach.
    Is aonach áit a mbíonn mucaí, caoirigh, agus beithighidh 'gá ndíol, 's 'gá gceannacht. Is gnás é má cheannuigheann duine bó no laogh márcann sé iad le clábar nó le brásail. Cuid den fionnach a ghearradh de na mucaí a déantar le márc a chur ortha.
    Déanann daoine margadh nuair a tádar ag díol nó ag ceannacht. Tugann duine cuid de'n airgid arais t'réis beithighidheach a dí ionnus go mbeadh an beithighidheach ádhamhail do'n cheannuightheóir.
    Tagann ceannuightheóirí as bailte móra go dtí na h-aoinigh ag ceannacht beithighidh 's caoirigh. Tugann siad cárranna móra leo le iad a thabhairt ar siubhal.
    Fadó ní raibh aon aonach ní ba ghoire ná Cloch-Na-Rón. Faoi láthair bíonn aonach i gCaiseal 'cuile mhí. Tagann daoine i bhfad ó bhaile ag díol 's ag ceannacht. [D'íocadh piodhc?] i gCloch-Na-Rón fadó acht ní ar sin a déantar anois. Bhíodh aonach i dToom Beola fadó nuair a bhí beithighidh an-daor i n-am an chogaidh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. trádáil
          1. díol agus ceannach (~3,622)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáitlín Seóige
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Sraith Sháile, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Máire Seóige
    Inscne
    Baineann
    Aois
    56
    Seoladh
    Sraith Sháile, Co. na Gaillimhe