Scoil: Cashel (uimhir rolla 11358)

Suíomh:
An Caiseal, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
P. Ó Lochlainn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 154

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 154

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cashel
  2. XML Leathanach 154
  3. XML “Bréagáin agus Caitheamh Aimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí a gcuid cleas aca fadó chomh maith 's tá siad aca anois. Bhídís ag deanamh cisteóga deasa do na cearcaibh le beith ag breith ionnta. Bhíodh siadh ag bualadh báire sa gceanntar seo fadó i garrdha i Sruth-Sháile'na bhfuil carraig mhór ann agus deirtear nac raibh ach barr na carraige ós chionn na talamhain an tráth sin. Bhíodh na páisdí óga ag deanamh teach beag agus ag comhaireamh ceanabhán amuigh faoi'n gcnoc agus iad ag fosuidheacht beithigh. Bhíodar go maith ag deanamh teach deas agus hataí as luachmhair. Bhíodh na cáilíní ag deanamh fleasg as nóinínibh, agus ag deana babóg as fréamaibh de cupóigibh.
    Bhíodh na daoine óga ag fiadhach uaireannta. Ní bhíodh con ná gunnaí aca mar bhíodar féin beagnach chomh sgafanta le aon ghadhar. Ta dán ag na sean-daoinibh i Sruth-Sháile faoi lá a ndeachadar ag leanúint bruic:
    Bhí broc ag Ard na nGabhar,
    Leanamar é chuig an "Tower"
    As sin go Altóir Rathnaighe
    Is rugamar air ag tortáinibh Gleainn Mhóir.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    2. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. siamsaíocht agus caitheamh aimsire (~5,933)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Seóige
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Sraith Sháile, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Sorca Seóige
    Inscne
    Baineann
    Aois
    45
    Seoladh
    Sraith Sháile, Co. na Gaillimhe