Scoil: Cashel (uimhir rolla 11358)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: P. Ó Lochlainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cashel
- XML Leathanach 184
- XML “Seanamhrán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanamhrán
“Is iomdha amhrán binn do rinneas le mo lín”
Sean-Amhrán.
I
Is iomdha amhrán binn do rinneas le mo lín,
Agus leanfaidh mé do sin mo Mháirín beo,
Ach éist a bhuachaillí le gean anois mnaoi
Do'n cháilín deas a ghoid mo chroidhe go deo.
Curfá
Grádh mo chroidhe mo chuilfhionn slainte mo mhúirnín
Ólfaidh mise sin 's gloinne lán,
Ó thug tú leat mo chroidhe ó tír go thaobh go taobh.
Agus grádh mo chroidhe mo chuilfhionn bán.
II
Ní shéanfaid mé cé hí 'sí Máirín grádh mo croidhe.
Is deas an t-ainm é ar cháilín óg,
An t-ainm eile tá le fada ar mo ghrádh,
Is gearr go meallfaidh mise í le póg
Curfá.
Grádh mo chroidhe mo chuilfhionn.......
III
'Se deir mo mhuinntir féin go bhfuil mé ar gcaoí gcéill
Nach mé bheith socruighthe go [láin lúin?],
Ach fán go bhfuighidh mé í an bhean a chráidh mo chroidhe
'S beidh mo chomh socruighthe leis an t-uan.
Curfá.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Seóige
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Sraith Sháile, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Sorcha Seóige
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Sraith Sháile, Co. na Gaillimhe