School: Cashel (roll number 11358)
- Location:
- Cashel, Co. Galway
- Teacher: P. Ó Lochlainn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cashel
- XML Page 161
- XML “An Drochshaol”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bpoll amháin. Annsin tháinic an imirce saor agus d'imthigh na daoine bhí in ann mor mhór na daoine óga go Meiriocá. Tar éis tamaill thosuigh na oibhreacha faoiseamh agus fuair na daoine obair ortha. Bhí na mná ag obair ortha chomh mhaith leis na fir. Min-bhuidhe an páighe a gheibhidís agus marar raibh sé sin le faghail sgilling sa ló a gheobhadh na mná agus sgilling is sé pighne na fir. Nuair a dtáínic an blian i ndiaidh an dubhacháin ní raibh aon fhata le cur ag na daoinibh ach cúpla fataí bheaga agus 'sé an chaoi a phioc siad na súile ásta le cleite agus iad a chur ar nós choirce. Níor tháinic an dubhachán chomh dona ariamh ó shoin. Bhí fear 'na chomhnuidhe i n-Iorrus Bheag am an droch-shaoghail agus tháinic galar an dona air, thuit an craiceann de agus ní raibh sé in ann siubhal. Bhí faitchíos ar na daoinibh dul in aice leis, ach bhí bean in a comhnuidhe in aice leis agus bheireadh cána báinne chuige gac lá agus dfhagadh sí ag an doras é agus glaoidheadh sí air agus tarraingeadh sé é féin amach ar a dhá glúin go mbeireadh sé isteach é. Acht i ndiaidh sin féin tháinic biseach air agus mhair sé tríd.
- Collector
- Máire Ní Donnchada
- Gender
- Female
- Informant
- Cáit Nic Donncadha
- Gender
- Female
- Address
- Scrahallia, Co. Galway