School: Cashel (roll number 11358)
- Location:
- Cashel, Co. Galway
- Teacher: P. Ó Lochlainn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cashel
- XML Page 186
- XML “An tAonach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An t-Aonach.
Is aonach áit a mbíonn mucaí, caoirigh, agus beithighidh 'gá ndíol, 's 'gá gceannacht. Is gnás é má cheannuigheann duine bó no laogh márcann sé iad le clábar nó le brásail. Cuid den fionnach a ghearradh de na mucaí a déantar le márc a chur ortha.
Déanann daoine margadh nuair a tádar ag díol nó ag ceannacht. Tugann duine cuid de'n airgid arais t'réis beithighidheach a dí ionnus go mbeadh an beithighidheach ádhamhail do'n cheannuightheóir.
Tagann ceannuightheóirí as bailte móra go dtí na h-aoinigh ag ceannacht beithighidh 's caoirigh. Tugann siad cárranna móra leo le iad a thabhairt ar siubhal.
Fadó ní raibh aon aonach ní ba ghoire ná Cloch-Na-Rón. Faoi láthair bíonn aonach i gCaiseal 'cuile mhí. Tagann daoine i bhfad ó bhaile ag díol 's ag ceannacht. [D'íocadh piodhc?] i gCloch-Na-Rón fadó acht ní ar sin a déantar anois. Bhíodh aonach i dToom Beola fadó nuair a bhí beithighidh an-daor i n-am an chogaidh.- Collector
- Cáitlín Seóige
- Gender
- Female
- Address
- Scrahallia, Co. Galway
- Informant
- Máire Seóige
- Gender
- Female
- Age
- 56
- Address
- Scrahallia, Co. Galway