School: Cashel (roll number 11358)

Location:
Cashel, Co. Galway
Teacher:
P. Ó Lochlainn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 162

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 162

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cashel
  2. XML Page 162
  3. XML “Bóithre an Cheantair seo”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 'Siad na bóithre atá 'san cheanntar seo anois, an bóthar go Cloch na Róin an bóthar go Sráth-Sálach an bóthar go Clochán agus an bóthar go Cárna. Bhí bóithre ann fadó ach níl ionnta anois ach cásáin. Sul a ndearnadh an seipéeal ar an gCaiseal bhí bóthar ó Sruth-Sháil go mBéal an Atha Fada amach treasna na sléibtibh. Bhíodh na daoine ag dul amach chuig an
    t-Aifreann agus ba aith-ghiorra dóibh an bealach sin, acht nuair rinneadh an séipéal ar an gCaiseal ní raibh na daoine ag siubhal air chomh minic, d'fhás an féar air agus níl ann anois ach cosáin. Bhí bóthar eile ag dul suas taobh thuas se Sruth-Sháile soir Dúin Ríogacháin agus Caiseal Árd agus síos Gleann Tuircín, agus níl an cosán féin le feiceál acht cuid de'n bealaighe. Bhí go leor de'n t-sórt bóithre seo ann fadó, acht nílid i
    n-úsáid ó rinneadh na bóithre publiochta.
    Bhí go leor gadhuidhe ann freisin sula a rinneadh na bóithre publiochta agus tá go leor lochaí cnocáin agus puill timcheall annseo ainmnidhthe 'na diaidh acht nuair rinneadh na bóithre seo ní raibh an oiread deis aca éalú ar na daoinibh i ngan fhios. Bhíodh siad istig 'san sliabh ag Baile na h-Inse ag fáireamh ar na daoinibh ag tigheacht ó Clocháin.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. public infrastructure
          1. roads (~2,778)
    Language
    Irish
    Location
    Scrahallia, Co. Galway
    Collector
    Máire Ní Donnchada
    Gender
    Female
    Address
    Scrahallia, Co. Galway
    Informant
    Micheál Mac Dhonncadha
    Gender
    Female
    Address
    Scrahallia, Co. Galway