Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0230

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0230

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tulach
  2. XML Leathanach 0230
  3. XML “Aimsir an Ghorta”
  4. XML “Buachaillín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bí an Buachaillín na chomhnaidhe ar a' gCaorán taobh tiar de'n áit a bhfuil an teach ósta anois. Ní raibh ann ach Rógaire críochnuighthe. Bhí bean aige acht níor chuala muid ariamh go raibh clann aige.. Dá mbeadh duine ag dul chuig a' siopa beadh sé ag faire air agus dá mbeadh buillín aige nó min nó aon blas eile bhainfeadh Buachaillín dó é. Dá gcloiseadh sé gur mharbhuigh aon duine gé ná cearc ná rud ar bith mar sin chaithfeadh sé cuid dí fhagháil nó mara bhfuigheadh mharbóchadh Buachaillín an t-é d'eiteóchadh é. Deirtear gur lean sé fear* a bhí ag tigheacht ó'n siopa lá le leith-chéad min bhuidhe agus gur mharbhuigh sé thuas ag Loch an Iolra é agus gur chuir sé isteach faoi thóchar a' bhothair é. Deirtear go bhfuil an fhuil ar an gcloch ann fós acht ní fhaca mise an fhuil. Tugadh Buachaillín 'un bealaigh agus níl fhios céard d'eirigh dó 'na dhiaidh sin.
    *gasúr beag adeir an chuid is mo de na h-ughdair, e.g. Labhrás Ó Conghaile srl. T.Ó S. féach lch 132.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Nóra Ní Chualáin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    93
    Seoladh
    Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe