Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach
- XML Leathanach 0231
- XML “Iolar Chlúmhaigh an Óir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus a mhaoin shaoghalta le bheith agam-sa."
"Cé'n sort éan í nó ché an an t-ainm atá uirtí?" arsa an chailleach.
"Sí Iolar Chlúmaighe an Óir a táim a' tóraidheacht" arsa Aodh
"Go deimhin" ars an chailleach "rinne an bitheamhnach céadhna feall mór orm-sa. Tháinig sí oidhche agus ghoid sí m'aon mhac uaim agus ní tig liom é d'fhághail ar ais nó go bhfáighe mé trí ribe róin a ruball capaill chuile duine a thiochfas ag iarraidh lóistín oidhche orm go mbeidh an oiread ribe agam agus atá ar cheann Iolar Chlúmhaigh an Óir. Agus ní tig liom níos mó ná trí ribe do tharraingt as capall ar bith.
B'fhéidir nach bhfuil a fhios agat go mbíonn sí na mnaoí ins an ló agus na hIolar ins an oidhche? Tá sí faoi draoideacht agus is é mo chómhairle dhuit gan dul in aice leithe."
"Dubhairt mé sul ar fhág mé an baile go gcaillfinn m'anam nó go bhfuighinn í agus ní tigh liom dul ar ais" ars an mac Ríogh.
Thug sí an mac Ríogh isteach ins an seomra agus d'fágh annsin é. Ar maidin go moch d'éirigh Aodh d'ith agus d'ól a sháith, tharraing trí ribe róin as ruball a chapaill agus thug sé do'n chailleach iad agus d'imthigh sé.
An dara h-oidhche chuir sé faoi i dteach beag eile cosamhail leis an teach a raibh sé ann an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mairghréad Ní Chualáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Chualáin
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 93
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe