Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0229

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0229

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tulach
  2. XML Leathanach 0229
  3. XML “Iolar Chlúmhaigh an Óir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Clumhaighe an Óir. Ar maidin lá ar na bháireach thug an ríogh sporán óir agus capall maith do gach mach agus d'imthigheadar ag tóraidheacht Iolar Chlumhaighe an Óir. Nuair a tháinig siad go dtí an chéad cros-bóthar dubhairt Niall: "Sgaramaois annseo agus an té thiocfas slán ar ais i dtosach gearradh sé lorg na croise ar an gcloich mhóir sin ar thaobh an bhóthair." Dubhairt siad go ndéanfadh siad sin. Sgar na dearbhráithreacha tar éis sin agus lean gach fear aca a bhóthar fhéin.
    Anois chuaidh Aodh ar aghaidh maith go leór agus nuair bhí dorchadas ag teacht chuaidh sé isteach i dteach agus chuir an chailleach fáilte roimhe agus dubhairt sí leis go raibh biadh, deoch agus leabaidh le fághail aige gan ór gan airgead. Thug Aodh buidheachas dí agus dubhairt sé go raibh neart óir agus airgid aige le na bhealach a íoc. Dubhairt an chailleach nár ghlac sí féin íocaidheacht ar lóistín aon oidhche amháin ariamh agus nach nglacfadh "Acht fág agam trí ribe róin as ruball do chapall sul má imteócas tú ar maidin"
    "Go deimhin fágfad," adeir Aodh," "agus céad ribhe"
    D'ith an mac Ríogh a sháith agus thug an chailleach coirce do'n chapall.
    D'fhiafhruigh an chailleach d'Aodh ce'n fad a bhí air a dul. "Táim ag dul go dtí an Spáinn ag tóraidheacht éin dom athair agus ní bheidh sé beó gan i; agus má eirigheann liom í fhághail beidh (tá) ríoghacht m'athar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0650**: The Strong Youth
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mairghréad Ní Chualáin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Nóra Ní Chualáin
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    93
    Seoladh
    Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe