School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
Tully, Co. Galway
Teacher:
Tadhg Ó Séaghdha, Máire, Bean Uí Dhuigneáin

Filter stories

Back
/ 0268 Forward
Resolution: Low | High
An Tulach | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0230

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

Bhí bothar dá dhéanamh annsin agus bhí go leór daoine ag obair air. Tuistiún sa ló a d'fhághaidís.

Bí an Buachaillín na chomhnaidhe ar a' gCaorán taobh tiar de'n áit a bhfuil an teach ósta anois. Ní raibh ann ach Rógaire críochnuighthe. Bhí bean aige acht níor chuala muid ariamh go raibh clann aige.. Dá mbeadh duine ag dul chuig a' siopa beadh sé ag faire air agus dá mbeadh buillín aige nó min nó aon blas eile bhainfeadh Buachaillín dó é. Dá gcloiseadh sé [?] gur mharbhuigh aon duine gé ná cearc ná rud ar bith mar sin chaithfeadh sé cuid dí fhagháil nó mara bhfuigheadh mharbóchadh Buachaillín an t-é d'eiteóchadh é. Deirtear gur lean sé fear* a bhí ag tigheacht ó'n siopa lá le leith-chéad min bhuidhe agus gur mharbhuigh sé thuas ag Loch an Iolra é agus gur chuir sé isteach faoi thóchar a' bhothair é. Deirtear go bhfuil an fhuil ar an gcloch ann fós acht ní fhaca mise an fhuil. Tugadh Buachaillín 'un bealaigh agus níl fhios céard d'eirigh dó 'na dhiaidh sin.

*gasúr beag adeir an chuid is mo de na h-ughdair, e.g. Labhrás Ó Conghaile srl. T.Ó S. féach lch 132.

Informant
Nóra Ní Chualáin
Gender
female
Age
93
Address
Ballynahown, Co. Galway
Language
Irish