Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean-Scoil a bhí i Rosabhíl.Tá cró ag Beartla Ó Cinnéide i Rosabhil, agus is annsin a bhí sgoil fadó. Bhí fear in a chomhnuidhe sa gcró roimhe sin agus sé an t-ainm a bhí air ná Stiophán De Búrca. Bhí an sgoil an-bheag agus is amuigh ar an gcnocán is mó a bhíodh na ranganna aca. Tá daoine beó i Rosabhíl fós a chuaidh chuig an scoil sin.
Sé an t-ainm a bhí ar an máighistir a bhí ann ná Conn Ó Donnchadha agus do réir mar chuala mé bhí sé sáthach olc. Ní raibh aon chead ag na páistí aon fhocal Gaedhilge a labhairt ag an sgoil ná ag baile agus sé an dlíghe a bhí ag an máighistir gheobhfadh sé clár agus chuirfeadh sé ruadhóg air agus nuair a bhíodh na páistí ag dul abhaile tráthnóna chuirfeadh sé an clár faoi 'na muinnéal agus bhí fógra tugtha dá muinntir dá labhróchadh na páistí aon Ghaedhilge(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Padhraic Mac Donnchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 29
- Seoladh
- Barr Roisín, Co. na Gaillimhe