Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)

Suíomh:
Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraig Ó Heidhin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0145

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0145

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doireadh
  2. XML Leathanach 0145
  3. XML “Seanscoil a bhí i Rosabhíl”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    mannt a chur ins an gclár agus nuair a thiochfaidís ag an sgoil ar maidin gheobhfadh gach páiste dhá bhuille in aghaidh gach mannt ar an gclár dá mbeadh an sgéal céadhna thárluighthe lá ar 'na bhárach séard a dhéanfaidh sé ná a gcuid éadaigh a bhaint díobh agus duine go (de) na páistí a chur suas ar dhruim gasúir eile agus bhíodh sé dhá mbualadh nó go dtuithfeadh an bheirt i mullach a chéile ar an urlár. Tá sé ráidte gur bhuail gasúr áirid, ar a tugadh Míchéal Liam, an máighistear agus nach rinne sé mórán maitheasa in a dhiaidh sin.
    Bhíodh ar gach páiste sgilling a íoc ins gach ráithe agus mar a n-íocfadh ní bhíodh aon chead aige a dhul ar sgoil nó go dtiúbhraidhe isteach an sgilling. Bhíodh ar na páistí uibheacha agus fataí a thabhairt 'ag an maighistir lé é féin a chothúghadh agus chuirfeadh sé ag an gcladach gach Aoine iad ag baint bháirne. Phós sé cailín de chlann Mhic an Iomaire as Doire Coill. Bhí muirghín air (ceathrar) agus chuaidh siad go léir go dtí Ameirioca.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. foirgnimh
          1. scoileanna (~4,094)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Ros an Mhíl, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Padhraic Mac Donnchadha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    29
    Seoladh
    Barr Roisín, Co. na Gaillimhe