Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Bhean a Bhí seacht mBliadhna in Ifrean[n]Bhí mac ríogh ann agus phós sé bean. Bhí máthair na mná istigh san teach in éindigh leó. Annsin ní raibh sé i bhfad pósta gur iarr sé ar an mbean a máthair a dhíbirt. Níor mhaith leis an inghean sgaramhaint leis an mháthair. Nuair a dimthigheadh sé amach ag fiadhach gach maidin d'abróchadh sé leis an mbean a máthair bheith díbríghthe aici nuair a thiocfadh sé ar ais. Nuair a thiocfadh sé ar ais déarfadh an bhean leis go mbíodh go leór oibre déanta agus go bí an mháthair a ghníodh chuile phioc den obair agus cén chaoi a ndíbreóchadh sí í. Ach ní raibh an fear sásta.
Aon lá amháin thug sí léi an mháthair ar a druim. Bhí sí féin agus an mháthair imthighthe nuair a tháinig an fear isteach. Bhí an bhean ag imtheacht agus an mháthair ar a druim aici thar chnuc agus gleannta. Bhí an inghean trom tuirseach agus shuidh sí síos. Chonnaic sí solus beag i ngar dí. Thriall sí ar an solus agus tháinig sí ag an teach. Sheas sí go cúthal ag an dorus. Dubhair [!] bean(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Maighréad Bean Nic Con Iomaire
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 48
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Doire Choill, Co. na Gaillimhe