Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)

Suíomh:
Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraig Ó Heidhin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0020

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0020

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doireadh
  2. XML Leathanach 0020
  3. XML “Mac is Fiche”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Mac is Fiche
    Bhí fear uasal i gCúige Chonnacht tráth agus bhí mac is fiche clainne aige. Bhí an-cháil ortha agus chuaidh siad go Conndae an Cláir ag bualadh báire. Dubhairt an t-athair mar a mbéidís ar ais an lá do bhí ceapaidhthe aige féin go marbóchadh sé iad.
    Dimthigh leó go Conndae an Chláir agus ghnóthuigh siad an báire. Choinnigh buachaillí an Chláir iad ar féasta ar feadh trí lá. Bhí fhíos aca nach raibh aon mhaith dóibh a dul go Connacht mar go marbhóchadh an t-athair iad. Mar sin fhéin d'imthigh leó agus nuair a bhí siad tamall uaidh an teach sheas siad agus ins an oidhche a bhí ann. Dubhairt siad leis an mac is sine a dhul go dtí an teach. Dimthigh leis agus chuaidh sé ag éisteacht. Dubhairt an t-athair istigh lé'n na bhean, "tiocfaidh siad anois anocht agus ins an stábla a thiocfas siad, agus lasfaidh muid an stábla."
    Dimthigh an mac is sine ar ais aríst go dtí an sgór eile agus d'innis sé an sgéal dóibh. Dimthigh leó aríst go dtáinig siad go dtí cros-bhothar. Sheas siad annsin agus dubhradar lé chéile go n-imthigheóchadh siad ag saothrú a mbeatha. Dubhair[t] an mac is sine leó bheith ar ais ag an gcros-bhóthar i gceann lá is bliadhain dá mbéidís beó.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Peadar Ó Scannláin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    24
    Gairm bheatha
    Mac feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Tóin an Chnoic, Co. na Gaillimhe