Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chuid searbhóghantaí agus chuadar in dhiaidh na h-eascon ins an uisge. Nuair a d'air[igh] sé na dhiaidh iad rinne sé cearc fhraoigh dó féin agus ar an bpoinnte rinne siad-san seabhaic dhóibh féin. Nuair a d'airigh seisean go rinneadar seabhaich dóibh fhéin chuaidh sé isteach i ngarraidhe coirce agus rinne sé gráin[ne] coirce dó féin agus nuair a chonnaic siad-san an gráinne coirce déanta aige de féin rinne siad-san cearc fhraoigh dóibh féin agus thosuigheada[r] ag ithe na ngrainneacha coirce. Rinne seisean seabhac dó fhéin agus d'eirigh sé ins an aer agus bhain sé na cloigne díobh. Chuaidh sé abhaile slán sábháilte agus d'eirigh leis an draoidheacht a imirt ar gach duine.
- An Caibiléar is an DiabhalBhí *Caibiléara ann fadó agus fear bocht ba eadh é. Phós sé agus bhí mac óg aige. Nuair a bhí sé ag dul go dtí an teach phobail, bhí sé ag cinnt air aon
*Caibiléar (Greasaidhe)(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Scannláin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tóin an Chnoic, Co. na Gaillimhe