Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seanchus.An tAthair De Róiste.Bhí Séiplíneach ins an gCeathramhadh Ruadh tuairm's trí sgór bliadhain ó shoin agus bhí sé ann le tamall fada. An t-Athair De Róiste an t-ainm a bhí air. Aon oidhche amháin tháinig Glaodhach Ola air ó Dhoire Árta. Chuaidh sé suas go dtí an teach i n-áit a raibh an duine tinn agus chuir sé an Ola air. Nuair a bhí sé réidh annsin agus é ag imtheacht abhaile thiodhlaic duine de lucht an tighe síos píosa an bóthar é.
Bhíodar ag cainnt faoi gach rud agus ba ghearr gur fhágadar slán ag a chéile agus d'imthigh gach duine aca in a bhealach féin. Bhí an sagart ag siubhal leis féin síos an bóthar abhaile agus nuair a bhí sé tamall maith síos chuaidh sé thar loch a bhí tamall maith ón mbóthar ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Briain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cladhnach, Co. na Gaillimhe