Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go leigfeadh.
Nuair a bhí sí ag dul isteach chuaidh an bhean féin isteach go dtí é agus thug sí cupán dhó a raibh deoch suain ann acht leag seisean thairis é agus thosuigh sé ag cainnt leis an mbean. Nuair a bhí sé a deich a chlog chuaidh an bhean féin isteach agus dubhairt sí leis an stráinséar a dhul amach feasta go raibh sé in am aici. Líon seisean an gunna agus dubhairt sé go raibh sé chómh cóir don bhean stráinséarach a bheith annsin is a bhí dí féin. Agus thug sé aghaidh an ghunna ar an mbean a raibh sé pósta léithe an darna h-uair agus d'imthigh sí. Chuaidh sé féin agus an chéad bhean abhaile agus thug siad a dtriúr páistí abhaile leo agus bhí saoghal sona sásta aca as sin amach.- Faisnéiseoir
- Máirtín Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 54
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Baile Láir, Co. na Gaillimhe