Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)

Suíomh:
Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraig Ó Heidhin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0143

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0143

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doireadh
  2. XML Leathanach 0143
  3. XML “Gleann Tobair Bheannaithe agus Doire an Fhiaidh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Gleann Tobair Bheannuighthe agus Doire an Fhiaidh.
    Tá garraidhe i nDoire an Fhiaidh agus tugtar Gleann Tobair Bheannuighthe air. Tá gleann mór i gcuid den gharraidhe agus an chuid eile dhó árd go maith. Tá tobar beag i lár an gharraidhe. Tá an tobar sin beannuighthe. Bhiodh daoine ag tabhairt turais ann fadó le leigheas a fhágháil ar aon tinneas a bheadh orra. Níl aon uisge anois ann acht tá seilisdruim ag fás thart timcheall air.
    Sé an fáth ar tugadh Doire an Fhiaidh ar an mbaile ná:- Bhí coill daraigh ann uair agus bhí fiadh na chomhnuidhe sa gcoill. Deirtear nach raibh ann acht aon fhiadh amháin mar dá mbeadh níos mó is dócha go mba Dhoire na bhFiadh a thiubharfaidhe ar an mbaile.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Doire an Fhéich, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Brighid Bean Uí Chonghaola
    Inscne
    Baineann
    Aois
    50
    Gairm bheatha
    Bean táilliúra (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Doire an Fhéich, Co. na Gaillimhe