Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doireadh
- XML Leathanach 0054
- XML “Aonach an Bhaileabhair”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Thosuigh sise ag sgreadach ar an duine uasal agus tháinig sé amach nó go dtarrnócaidh sé an bhean agus chuir sé a lámha amach agus d'fhan a lamha i ngreim ins an mbean. Thosuigh Diarmuid annsin gá mbualadh leis an maide agus an pucaide ag imtheacht ins na cosa anáirde.
Ba ghearr annsin go dtáinig siad chomh fada le teach a raibh táilliúr ann agus thosuigh an duine ag sgreadach orra agus ag rádh leó seasamh amach roimh an bpucaide agus í stopadh. Chuaidh na táilliúirí amach in a gcuid bonnachaí agus shíl siad breith ar an duine uasal agus chuaidh a gcuid lámha i bhfastódh ar an bpucaide agus thug sé chomh fada leis an aonach iad. Isteach leis an bpucaide i lár an aonaighe chuile dhuine ag iarraidh an duine uasal a thabhairt leó. Acht deirim-se leat gur ghearr go raibh gnóithe dá gciall aca mar bhí siad féin ar sliobarna leis an bpucaide. Bhí an pucaide ag dul soir is siar mar sin go raibh an duine agus an t-ainmhidhe deireannach tarrainghthe leis aige agus nuair a bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Brighid Bean Uí Bhreathnuigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 53
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ros an Mhíl, Co. na Gaillimhe