Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doireadh
- XML Leathanach 0053
- XML “Aonach an Bhaileabhair”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Diarmuid go dtí an duine uasal agus chuaidh sé anonn chuige agus dubhairt sé go raibh sé déanta aige. Acht mo léan ghéar ní raibh mo chailín sásta go ndubhairt sí leis an duine uasal a rádh leis bailodhar a dhéanamh go'n aonach a bheadh ann amáireach. Dimthigh leis gur casadh an gabhar leis agus shocruigheadar an sgéal sin eatorra.
Maidin lá ar na bháireach casadh Diarmuid leis an bpucaide agus d'innis sé an sgéal dó, "Beidh sé sin ceart" arsa an pucaide. "Bí ag doras an duine uasail a léithéid seo go ám amáireach agus bíodh maide agat". Bhí go maith cuaidh Diarmuid go dtí an áit a dubhradh leis agus ba ghearr annsin dó go dtáinig an pucaide go dtí é. Anuas leis an bpucaide ag doras an duine uasail agus thosaigh sé dá tumpáil lé'n a chloigeann. D'fhan Diarmuid i bhfolach ar chúl an dorais. Ba ghearr go dtáinig an bhean amach (bhí sí san teach) dhá dhíbirt acht seárd a rinne an pucaide na ionntadh isteach agus chuir sí a dhá láimh dá bhrúghadh amach agus d'fhan a dhá láimh i bhastógadh ar dhruim an phucaide.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Brighid Bean Uí Bhreathnuigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 53
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ros an Mhíl, Co. na Gaillimhe