School: Tobar Ruadh

Location:
An Tobar Rua, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Séamus Ó Cinnéide
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0040, Page 0139

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0040, Page 0139

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tobar Ruadh
  2. XML Page 0139
  3. XML “Stoirmeacha agus Gálaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Timcheall le céad bliadhain nó mar sin ó shoin bhí stoirm mhór ann. Is ins an oidhche bhí an storirm agus tugann na daoine oidhche na Gaoithe Mhóire ar an oidhche sin ó shoin amach. Rinne sé díoghbháil mhór ar gach rud. Leag sé tighthe agus crainnte agus rinne sé sgrios mhór freisin ar an bhfairrge. Fuair cuid de na daoine bás le faitchios agus mharbhuigh an ghaoth cuid eile de na daoine.
    Bhí torneach agus teinntreach ann timcheall le naocha bliadhna go leith ó shoin agus rinne sé sgrios mhór. Do leag sé stábla agus tighthe agus marbhuigheadh cuid de na daoine. Bhí crann ag fás inaice mo thighe agus bhuail an teinntreach sin é agus thuit píosa as an gcrann sin agus bhí an marc le feicéal ann go dtí tamall ghearr ó shoin acht tá an chrann gearrtha anois.
    Bhí báisteach trom ann ins an mbliain 1803 agus ní fhaca aon duine baisteach mar é ariamh. Bhí an tír clúdaighthe le uisge agus fuair daoine báidhte ins na puill móra uisge a bhí ann. Badhadh cocaí féar agus go leór stoc freisin. Níor fhás na barraí mar gheal ar an uisge mar chuaidh sé síos ins na drillí fataí agus badhadh iad.
    Bhí tiormacht mhór tamall ghearr in-a-dhiaidh sin. Ní raibh uisge le fághail in - aon-
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Chómair
    Gender
    Female
    Address
    Cluain Barr, Co. na Gaillimhe
    Informant
    Micheál Ó Chómair
    Gender
    Male
    Age
    65
    Address
    Cluain Barr, Co. na Gaillimhe