Scoil: Tobar Ruadh
- Suíomh:
- An Tobar Rua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus Ó Cinnéide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tobar Ruadh
- XML Leathanach 0123
- XML “Ciste i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá sé ráidhte ag na sean-daoine go bhfuil ór i bfholach i gCluain-Bárr timcheall le leath-mhíle ó mo theach agus go bhfuil sé currtha ann trí nó ceithre chéad de bhliadhanta. Is i mbárr cnuic atá sé currtha agus níl aon tighthe níos giorra ná leath mhíle dhó.
Níl cuid de na daoine cinnte cé chuir ann é acht deireann cuid aca gurab'é easbag a rinne é. Dubhairt siad go raibh sé ag fágáil na h-áíte agus go raibh an píosa óir seo aife agus níos mhaith leis é a thabhairt leis ar an dturas agus rinne sé poll agus chuir sé an píosa óir síos ins an bpoll sin agus chuir sé leacht mór annsin ós a chionn. Dún sé an poll le cré agus d'imthigh leis as an áit.
Ní raibh fhios ag aon duine go raibh an t-ór seo ins an áit sin go ceann tamaill agus tar-éis tamaill fuair fear eicínt an sgéal amach agus chuaidh an sgéal ó dhuine go duine gur chualaidh fear é a bhí in-a-chomhnaidhe trí mhíle nó mar sin ó'n áit agus tháinig sé go dtí an cnoc agus thaisbeán duine eicínt an poll dó agus annsin thóg an fear an cré a bhí ó's cionn an pholl le (sluais) sluaseaid agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Chómair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Barr, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 57
- Seoladh
- Cluain Barr, Co. na Gaillimhe