Scoil: Gort na Léime (uimhir rolla 13012)

Suíomh:
Gort na Léime, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Liam Ó Ceallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0037, Leathanach 0285

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0037, Leathanach 0285

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort na Léime
  2. XML Leathanach 0285
  3. XML “Cistí Óir i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Cistí óir i bhfolach
    Fadó bhí triúr mná in a gcómhnuidhe in aon teach amháin inaice leis an mbaile mór darbh ainm an Caisleán Riabach i gco. Roscomáin. Tháinic an leprecáun chuca trí oidhche indiadh a chéile, agus dubhairt leo go raibh ciste óir i bhfolach ar an taobh ó thuaidh de Chaisleán Dhún Mhór. Dubhairt sé leo freisin go raibh cat dubh ag tabhairt aire dhon áit i raibh an ciste óir, agus go gcaithfeadh siad an ciste bheith bainte as an talamh aca roimh an h-aon a chlog san oidhche. D'imigh an triúr mná agus rinne said a mbealach ón gcaisleán Riabach go Dún Mór Co. na Gaillimhe. Bhí sioc mór agus sneachta ar an talamh agus ba deacair dóibh siubhal. Bhí láige agus sluasad ag gach duine aca leis an gciste óir a bhaint as an talamh. Nuair tháinic siad i bhfogas do Dhúnmór agus dhon caisleán, bhí tuirse mhór ortha agus chuaidh siad isteach i muileann atá inaice na h-áite. Is dócha go raibh coirce ghá chruadhacan, ag an muileann agus bhí teine mhór síos. mar bhí codhladh agus tuirse ar na mná
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    P. Pléimeann
    Seoladh
    Coill an Chaclaigh, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Labhrais Ó Ciaráin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe