School: Boltifree (roll number 9764)
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Boltifree
- XML Page 190
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Frg. Chuaidh an lach dhubh siar agus bheir sí uibh thiar agus annsin tháinic sí aniar.
Caidé a thiocfadh le baraille follamh a bheith lán de?
Frg. Thiocfadh leis a bheith lán poll.
Thart fá’n teach, thart fá’n teach agus ní bhaineann gaoith nó grian dhó
Frg. Uibh i gcearc
Caidé atá lán agus coinnigheann sé tuilleadh?
Frg. Póta préataí.
Caidé atá níos doimhne nó an fhairrge?
Frg. Mearachán tailliúr mar na bhfuil tóin ar bith ann.
Dhá rang caoirigh bána agus caora dhearg astoigh in a measg.
Frg. Fiacla agus teangaidh.
Muiltín iarann ag dul thar dhroicheadh cnáimh
Frg. Snáthadh ag fuigheáll
Théigheann sé anonn ‘na scáile agus thig sé anall ‘na mhálaí agus baintear lomairt de gach bliadhain.
Frg. [líon]?
Bean bheag amuigh annsin agus í go ró-[runnda]? Cóta beag buff uirthí, bearad, agus pláincead
Frg. Beacóg.
Dhá ghamhain bhuidhe amuigh ag bun na spéire nuair a thiocfhas an dá ghamhain(continues on next page)- Collector
- Áine Nic na Mídhe
- Gender
- Female
- Age
- 15
- Address
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Informant
- Éamonn Ua hEichthighirn
- Gender
- Male
- Age
- 20
- Address
- Ard Bata, Co. Dhún na nGall