School: Boltifree (roll number 9764)
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Boltifree
- XML Page 143
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)I bhParóiste Chill Taobhoige. Bhall is íongantach an smaointuí é nach bhfuil san Pharóiste seo againne ach aon tobar bheag amháin beannuighthe le cuairt a thabhairt air agus ba chóir dúinn uilig turas a thabhairt ar seo i mí na Béaltaine gach bliadhain.
Caithfidh muid níos mó na sin a rádh fá dtaobh de. Fá’n go bhfeichfidh muid ar chulaidh muid sgéal ar bith fa dtaobh de. Chulaidh: agus caidé an sgéal? Tá muise nuair a bhí na Sasanaigh ag marbhadh na sagart i bhfad ó shoin. Bhí sagart amháin ag léighead Aifrinn do chupla duine annseo. Chonnaic siad na Sasanaigh ag tarraingt ortha ó bhárr chnuic Alt na Péiste. Tháinig sgannradh ortha, ach misneach níor chaill siad. Sheasuigh siad go dtáinig na Sasanaigh fad leo, agus deirtear gur chuir na n-aingle ceo ar na Gaedhil. Thuit cuid de na Sasanaigh i laige agus d’imthigh an chuid eile leo gan buaille a bhualadh agus creidim gur sin ceann de na fáthannaí gur baisteadh Tobhar-na-n-Aingeal air.
Cur i gcás anois go dtug muid cuairt air anuraidh caidé a chonnaic(continues on next page)- Collector
- Áine Nic na Mídhe
- Gender
- Female
- Age
- 15
- Address
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall