Scoil: Caiseal (2)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí "druimmeir" ann aon uair amháin agus bhí sé fíor-leagtha ar bhuaileadh "drum." Bhí cómhnuidhe air cois na fairrge agus ba ghnáthach leis rún a leigint (?) leis an "drum" achan lá cois na fairrge. An lá seo chuaidh sé píosa níos fuide ná ba ghnáthach leis a dhul i gcois an uisge. Choinnigh (?) sé píosa beag éadaighe spréighte ar chloich agus rinne sé iongantas mór de. Chrom sé (?) sios agus thóg sé é bhí sé chómh deas sin.Smaoitigh sé go mbéadh an oidhche ann nuair a bheadh sé sa bhaile agus tharraing sé ar an bhaile. Nuair a fuair sé 'na bhaile ghlac sé greim (?) agus chuaidh sé a luighe. Cé bith (?) fhad a chodhluigh sé, mhúgail sé fá deireadh (?) agus mhothuigh sé an buille ar an doras. D'éirigh sé agus bhain sé an bolta de'n doras. Chonnaic sé girrseach 'n-a seasamh ag an doras.
"Charaid, caidé thug annseo thú(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brian Ó Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir. (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tulaigh na Dála, Co. Dhún na nGall
- Bailitheoir
- Domhnaill Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 16
- Seoladh
- An Seanbhaile, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Séamus Mac A' Bháird
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 54
- Seoladh
- Tulaigh na Dála, Co. Dhún na nGall