Scoil: Caiseal (2)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal (2)
- XML Leathanach 18
- XML “An Drochshaol”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sa bhliadhain 1847 luigh an droch-shaoghal go trom ar an ceanntar seo. Bhí a dhá oiread daoine ann roimhe sin ná tá anois. Lóbh na préataí ins an talamh agus cha rabh biadh ar bith ag na daoine. Bíodh siad ag ithe turnaipí agus cábaiste.Bhí bean ina comhnuidhe i Ros Guill agus nuair a bhí na préataí gann rachadh sí suas achan maidin go Carraig Airt fa choinne cupla sceden préataí a bhí fágtha ins an cuibhreann nuair a bhí na préataí eile bainte chun a cuid páistí a choinneáil beo.Bhí fear ag déanamh bráchain thiar ag Baile Úi Thighearnain agus bheireadh sé amach do na daoine é. Bhí fear eile i nGleann Lois ag déanamh bráchain fosta.Bhí na preataí gann mórán bliadhanta indiaidh sin. Cha rabh mórán bidh ag na daoine mar lóbh na préataí agus tháinig an meath ortha.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Sighle Nic Ghiolla Cheara
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Sean Mac Ghiolla Cheara
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 94