Scoil: Caiseal (2)

Suíomh:
An Caiseal, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1092, Leathanach 216

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1092, Leathanach 216

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caiseal (2)
  2. XML Leathanach 216
  3. XML “Mac Suibhne agus Iníon an Rí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann fada ó shoin agus is fada ó shoin é de chloinn tSuibhne. Bhí trí mhac aige agus fuair seisean bás in-a dhiaidh sin. Cha rabh aca ach giota beag talaimh agus dhíol siad é agus chan fhuair siad ar ach cúig phunta dhéag. Roinn siad an t-airgead agus bhí cúig phunta ag achan nduine aca. Bhí bunóg aráin aca agus chuir siad 'n-a bpócaí é agus shiubhail siad leo i mbéal a gcinn.
    Shiubhail siad leo an lá sin go rabh an ghrian ag gol síos agus an ghealach a' teacht aníos, agus éanacha an aéir a' gol fá shuaimhneas, gur cásadh coill ortha. Chodluigh siad an oidhche sin sa' choill. D'éirigh siad ar maidin agus shiubhail siad leo go dtáinig teas a' lae. Cásadh teach ortha ' chois a' bhealaigh mhóir. Dubhairt an fear óg go rabh tart air agus go rachadh sé isteach. Nuair a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brian Ó Dochartaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Tulaigh na Dála, Co. Dhún na nGall
    Bailitheoir
    Cathal Mag Loinn
    Inscne
    Fireann
    Aois
    16
    Seoladh
    An Seisíoch, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Colla
    Inscne
    Fireann
    Aois
    74
    Seoladh
    An Seisíoch, Co. Dhún na nGall