Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)

Suíomh:
Baile Láir, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh A. Mac Congáile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 137

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 137

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ballylar
  2. XML Leathanach 137
  3. XML “Féilí na Bliana”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ní phósann duine ar bith ar feadh an ama seo. Stádann na daoine de chaitheamh toitíní nó tobac ar feadh an ama seo.

    CEADAOINE an LUAITH
    'Sé seo an chead lá de'n Chorgas. Cuireann an sagart luaith ar chlár éádán an phobail an lá seo.

    AOINE an CHEÁSTA
    Sin an lá ar cuireadh ar Slanuightheóra 'un báis. Bíonn adh ar phreataí a chuirtear an lá seo.

    SATHARN agus DOMHNACH na CÁSGHA
    Bruithtear cuid mhór uibheacha an lá seo. Itheann gach duine cuid mhór uibheacha an lá seo. Lásann na páisdí teinte amuigh faoi'n spéir agus bruitheann siad uibheacha agus preataí agus bíonn feasta mór aca.

    DOMHNACH agus LUAN CINGCÍSE
    Deirtear duine ar bith a chodhluigheann ar an lá seo go mbéidh sé marbh roimh bliadhain. Deirtear duine ar bith nó ainmhidhe ar bith a mbeirtear an lá seo go muirbhfear é nó muirbhfidh sé duine eile.

    LÁ BEALTAINE
    'Sé seo an chead lá de Bhealtaine.

    SEAN BHEALTAINE
    Thig sean Bhealtaine seachtmhain indiaidh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Mac an t Saoir
    Inscne
    Fireann