Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballylar
- XML Leathanach 022
- XML “Báthadh”
- XML “Longbhriseadh”
- XML “Longbhriseadh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)aca suas ar a dhruim agus sé é ins uisge. Báidheadh an triúr aca fa fhiche slat ó n-a ndoras fhéin.
- Bhí tighearna talaimh annseo darbh ainm do sean Liathdhruim. Bhí long aige fá choinne sirriam baillidheanna a iomchur. Chuir sé an long amach go dtí oilean Thoraigh leis na daoine a chur amach as a gcuid toighthe. Bhuail an long ar na carraigeacha agus báitheadh na baillidheanna go h-uile. Níor chuir Liathdhruim aon duine go Toraigh níos mó.
- Briseadh long ins an Dumhaigh Bhig uair amháin fá thuairim sé bliadhna agus trí fhichid ó shoin darbh ainm an Carristir. Rith sí i n-éadan Charraig darbh ainm an Stucach Mhór. Shuidh sí annsin sa charraig ar feadh seachtmhaine nó mar sin. Bhí malach guail uirthi. Ní raibh i bhfad aca le teacht go dtí(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Tomás Mac an t Saoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Seanach, Co. Dhún na nGall