Scoil: An Gleann (uimhir rolla 14277)
- Suíomh:
- An Gleann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann
- XML Leathanach 131
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar an mhaighistear nuair a chuala sé seo. Nuair a gheobas mise bás arsa’n buachaill cuir ar thruiceal mé agus leig dó’n bhóloig a bhéas a tharraingt dul cibé ait a rachas sí. Fuair sé bás a’s rinne a mhaighistear mar d’iarr sé féin air.
Bhí torramh mór ann. Tháinig siad fhad le teach a phobail ach sgiubhal an bhológ léithe. Bhí iongantas mór ar lucht an torronimh agus phill mórán aca. Tháinig siad fhad leis an dara teach pobail ach shiubhal an bholog léithe.
Phill a dhá oiread annseo. Siubhal an bhológ léithe agus ba é an deireadh a bhí ar an torramh nach rabh aon-duine fágtha ach an maighistear é féin. Bhí an fear an fad sin ag siubhal anois nach rabh fhios aige cá rabh sé.
Sa deireadh thionntuigh an bhológ suas camhsa deas a’s tháinig fhad le geaftaí óir. Tháinig beirt amach a’s d’fhosgail siad na geaftaí a’s thug siad an maighistear isteach na toighe. D’iarr siad air a sgíste a dheánamh nó gur thioll sé é indiaidh bheith comh maith d’a bhuachaill agus bhí Bhí am an phléisiurdhá aige annsin. Nuair a bhí sé tamall ann cuir fear aca ceist air an bfanfadh sé aca-san anois. Sin an chead uair a smaointigh sé ar an bhaile. Dubhairt sé go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eithne Ní Cheallaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Droim Leacach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Cathal Ua Ceallaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Droim Leacach, Co. Dhún na nGall