Scoil: An Gleann (uimhir rolla 14277)
- Suíomh:
- An Gleann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann
- XML Leathanach 130
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhuachaill cad chuige a staideadh sé i gcomhnuidhe ar an dó dhéag gach Satharn. D’iarr sé ortha theacht Dia Sathgarn a’s go míneócadh sé sin dóbhtha. Tháinig fear amháin aca. Bhí an buachaill ag treabhadh le dhá bhológ i gcuibhrean.
Nuair a tháinig an dó dhéag sheasuig sé tamall beag. Annsin arsa seisean leis an fhear a bhí annsin ag feitheamh ar a fhreagar “An gcluin tú rud ar bith?” “Ní cluinim” arsa seisean. Cuir do chois dheas ar mo chois dheas-sa arsa’n buachaill. Rinne sé sin agus chualaidh sé an seinm a bá deise dar chuala sé ariamh. “Sin cloig na bhFlaithis arsa’n buachaill. Toisigheann siad ag bualadh ag an dó dhéag gach Satharn a’s m’stadann siad go h-oidhche Dhomhnaigh. Stadaim-sa nuair cluinim iad sin”.
B’eigean do na buachaillí aimsire iad féin a shocrughadh annsin agus bheith sásta oibruighadh ag deireadh na seachtmaine fosta. Mhair an scéal mar sin rith fada.
Sa deireadh lá amháin sgaoil an buachaill seo na bológaí nuair a bhí sé tamall beag amuigh a’s tháinig na sraide leobhtha. Chuir an maighistear ceist air caidé bhí cearr. Ní’l mé abalta níos mó a dheánamh nó tá an bás orm arsa’n buachaill. Bhí buaidhreadh mór(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eithne Ní Cheallaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Droim Leacach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Cathal Ua Ceallaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Droim Leacach, Co. Dhún na nGall