Scoil: An Gleann (uimhir rolla 14277)

Suíomh:
An Gleann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Ó Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 66

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 66

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gleann
  2. XML Leathanach 66
  3. XML “Scéal fá Íosa agus Muire”
  4. XML “Scéal fán Dreoilín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Lá amháin bhí Íosa agus Muire ag siubhail ar an bhealach mhór le chéile. Nuair a bhí siad-san tamall ag siubhail tháinig tóir saighdiúirí ag iarraidh Íosa do chur chun báis. Acht nuair a chonnaic Íosa iad thionntuigh sé é féin isteach i n-uan agus thoisigh sé ag ithe i gcois an bhealaigh mhóir agus shiubhail Muire léithe agus d'imthigh na saighdiúirí chomh thuigh agus tháinig siad.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
        1. scéalta cráifeacha (~1,085)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Bhuidhe
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Glengillagrana High, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Cáit Bean Uí Bhuidhe
    Inscne
    Baineann
    Aois
    73
    Seoladh
    Kill, Co. Dhún na nGall
  2. Lá amháin bhí saighdiúirí i ndiaidh Naoimh Stiofán agus chuaidh sé i bhfolach i gcrann agus bhí dreilín ins an chrann. Nuair a tháinig na saighdiúirí fhad leis an chrann a rabh sé ann shuidh siad faoi agus i ndiaidh tamaill léim an dreoilín as an chrann agus chuir sé sgannradh ar na saighdiúirí agus d'amharc siad suas agus chonnaic siad an Naomh agus mharbh siad é. Sin an fáth go bhfuil droch-mheas ar an dreoilín.
    Sgéal eile fá'n dreoilín. Bhí Íosa ag siubhail i gcuibhreann arbhair lá amháin. Cuireadh é an lá sin acht dubhairt sé go mbéadh sé apuighthe amárach. Bhí na saighdiúirí ar a thoir agus nuair a tháinig siad fhad leis na fir a bhí ag baint an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.