Scoil: An Gleann (uimhir rolla 14277)

Suíomh:
An Gleann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Ó Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 109

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 109

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gleann
  2. XML Leathanach 109
  3. XML “Seanscéal - Fear an Tearmainn agus an Seachrán a Tháinig air”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sean Sgéal. Fear an Tearmoinn a’s an seachran a tháinig air.
    Bhí fear san Tearmonn uair amháin a’s chuaidh sé go Cnoc an Ghleanna Áird ag cuartughadh caora. Chuaidh sé fhad le teach ar an Ghleann Áird ag cur seanchuis fá’n chaora. Chonnaiceas í thart fá’n áit cúpla lá roimhe sin.
    Dubhairt sé le fear an toighe go rachad sé suas an cnoc giota beag go bhfeicfeadh sé an bhfuigheadh sé í. D’iarr fear an toighe air gan a ghul nó go rabh seachran san chnoc sin. Dubhairt seisean nach rachadh sé ibhfad ó’n bhealach mhór. Chuaidh sé giota suas agus casadh fear eile air. Bhí an ceo cruinn thart fá’n áit a rabh siad ag cainnt. D’éirigh éilin cearca fraoich in deas dóbhtha. Bhí siad ag tabhairt eiteóig corr ghiota annsin thuitfeadh siad airís. Lean na dir iad ach chán fuair siad greim ortha. Phill siad airís [de]? ghul na bhaile ach nuair a shíl siad go rabh siad ar bhealach cheart bhí siad ag siubhal fríd an chnuic. Bhí fear an Ghleanna Áird ag rith leis agus fear an Tearmoinn ag sgairtigh leis a am a ghlacaint. Bhí siad ag teacht annas de bruaich mhillteanach fosta fear an Ghleanna Áird ag rith leis agus fear an Tearmoinn ag iarraidh congbhail
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eithne Ní Cheallaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Toam, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Nóra Ní Gallchobhair
    Inscne
    Baineann